Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.
agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo: “A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón, ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata, agus a thógann an tslat i do choinne.
Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.
Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.
An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;
Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael.
a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.
Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’