Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.

Chuir tú an rath ar a sliocht Mar a bheadh réaltaí nimhe Agus threoraigh tú isteach iad Sa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.

Maraíonn an faltanas an t‑amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.

Mhéadaigh sé a phobal go mór, go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.

Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.

Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.

Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.

Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael.

Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”

Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.

Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí