Eaxodus 1:10An Bíobla Naofa 1981Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.” Féach an chaibidil |
Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b'fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?