Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 9:7

An Bíobla Naofa 1981

Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.

Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.

Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’

Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”

Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.

mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”

A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.

Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.

Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.

Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.

Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh, caillfidh an tréanfhear a neart, ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.

Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,

a bhfuil scamall ar a n‑aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.

Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.

Is cosúil le hancaire daingean docht dár n‑anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín

sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.

Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí