Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 9:6

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d'athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.

Abair leo: Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna: Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.

Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;

Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí