An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.
Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.
Sa tslí sin cuireann an Spiorad Naomh in iúl dúinn nár taispeánadh an bealach isteach chun na hÁite Rónaofa fós toisc an chéad bhoth a bheith ina seasamh go fóill.