agus tógfaidh tú cuid d'fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.
Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.
“Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.
Glac chugat an criosma ansin agus déan an taibearnacal agus gach a bhfuil ann a ungadh, agus coisric é féin agus a ghréithe go léir d'fhonn áit naofa a dheanamh de.
Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.
Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.