Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
“Déanfaidh tú coinnleoir d'ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d'obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d'aon phíosa leis.
“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa.
Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh.
Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.
Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.