Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 9:11

An Bíobla Naofa 1981

Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d'oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;

Ach tiocfaidh sé go Síón mar fhuascailteoir, chuig muintir Iacóib agus a bpeacaí tréigthe acu. Briathar féin an Tiarna an méid sin!

Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”

“Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”

Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:

Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.

Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.

Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.

Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.

Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht.

Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.

Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.

Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Rí Shailéim agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.

Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí