Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 9:10

An Bíobla Naofa 1981

Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce.

Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad,

Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

Ach an ball éadaigh, an t‑ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan.

Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;

Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.

sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce.

diúltaíodh sé d'fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe.

agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -

Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?

nuair a bheadh an t‑ionú tagtha - mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.

agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d'fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu,

Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál.

Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian.

Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.

Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.

Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.

Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air.

ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe.

agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus

Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith.

Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.

Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí