Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 9:1

An Bíobla Naofa 1981

Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.

Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.

Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”

Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.

ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;

Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.

Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad.

mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.

Dá mbeadh an chéad chonradh gan locht ní bheadh call leis an dara ceann.

Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí