Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.
Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.
Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.
sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.