Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 8:13

An Bíobla Naofa 1981

Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.

Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m'fhuil atá le doirteadh ar bhur son.

Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.

Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca;

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.

Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idirghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe.

Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: “Féach! a deir an Tiarna, tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá.

Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí