Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 7:9

An Bíobla Naofa 1981

D'fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.” Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.

Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.

“Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.

Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó.

Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí