Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 7:5

An Bíobla Naofa 1981

De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachaithe a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iadsan freisin.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.

Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh - seisear agus trí fichid ar fad.

Ach dúirt an Tiarna: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin a bheith i do chroí:

Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.

Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.

“Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís - Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”

“Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.

Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí