Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.
Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!
Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t‑athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?
mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.
Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne.
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.
Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.
Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.
Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.