Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 7:22

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.

Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m'athar, á rá: ‘Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m'athar.’

Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis, sula dtreascraí na huaibhrigh mé.

Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.

A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa, má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,

Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.

óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.

Agus dúirt sé leo: “Is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán.

Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m'fhuil atá le doirteadh ar bhur son.

Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: “Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,

Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.

Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí