An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn
Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.
An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;
Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.