Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 7:16

An Bíobla Naofa 1981

Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca.

Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo.

Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d'fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?

agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh bheith ag géilleadh do rialacha ar nós:

Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic.

A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”

Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”

Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.

Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo.

Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí