Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh.
lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d'aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois.
An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”
Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.