agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: “Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n‑oibre.”
Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í; cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh.
Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.