Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 6:2

An Bíobla Naofa 1981

ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe.

Féach an chaibidil Cóip

57 Tagairtí Cros  

Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.

Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”

An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.

agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -

“Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.”

Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b'ionadh leis nach ndearna sé an t‑ionladh ar dtús roimh an bproinn.

Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!

agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’

agus tiocfaidh siad amach - iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t‑olc chun aiséirí an bhreithiúnais.

Ansin labhair Peadar leo: “Cé a d'fhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?”

Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.

Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.

Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe.

Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”

Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;

An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.

Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”

Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.

taobh amuigh den aon abairt amháin úd a scread mé amach agus mé i mo sheasamh ina measc: ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá breith á tabhairt ormsa inniu os bhur gcomhair.’ ”

Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”

Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?”

agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh i [bpearsa] Íosa.

Thug siad i láthair na n‑aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.

[Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.

agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois.

mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.

Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.

beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t‑aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu.

Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.

Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.

Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí