Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 6:16

An Bíobla Naofa 1981

Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,

Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”

Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir.

Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,

Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.

Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir.

Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.

Nuair a thug Dia an gealltanas d'Abrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí