Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia,
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.
Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.
Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.
Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.
Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.
Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.
Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.