Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.
“Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.
Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Téigh chun na haltóra agus ofráil d'íobairt pheaca, agus d'íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna.”
Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.
Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.
Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.
sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.
Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.
Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí á n‑ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán.