Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 4:7

An Bíobla Naofa 1981

shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.

Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.

Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid:

Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,

“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.

is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’.

Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n‑aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé:

Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí