Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach agus tuama i gcuideachta na saibhre, cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn
Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;
Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.