Eabhraigh 3:5An Bíobla Naofa 1981Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí; Féach an chaibidil |
siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”
nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”
Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.