Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 3:11

An Bíobla Naofa 1981

Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

D'ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh go leagfadh sé ar lár iad san fhásach,

Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m'fhearg nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.”

(Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.”

Mise an Tiarna a labhair. Sin í an íde a thabharfaidh mé go cinnte ar an mhuintir chlaon seo go léir a rinne comhcheilg i m'aghaidh. Anseo san fhásach seo déanfar díth orthu go dtí go dtiteann an duine deireanach marbh ann.”

Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.

Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan.

agus arís san abairt atá á plé againn deir sé: “Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.”

Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí