Ar feadh tamaillín rinne tú ní b'uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air
cad is duine ann go dtógfá ceann de? ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
Rinne tú beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air.
Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith,
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.
Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa - an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d'fhulaing sé - agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d'fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.