Eabhraigh 2:17An Bíobla Naofa 1981Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. Féach an chaibidil |
Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.
Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,