Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.
Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.
do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m'fheiceáil.’
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.
Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.
Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.
A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.