An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.
Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d'aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.
Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.
Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin.