Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.
Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.
Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.
Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.