Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 12:2

An Bíobla Naofa 1981

Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.

Féach an chaibidil Cóip

78 Tagairtí Cros  

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh.

Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.

Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!

ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.

Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.

“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.

Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d'fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.

Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.

díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

“Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”

Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.”

Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.

Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?

Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.”

Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.”

Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.

Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”

Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

Amen, Amen, a deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh.

Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”

ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,

Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”

Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.”

“Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”

Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.

D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.

D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.

Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.

ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;

agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis.

agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.

Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.

Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”?

Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.

Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu.

D'fhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhreacha agus príosún.

Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.

Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó

Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.

Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.

Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í.

Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad

Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.

á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”

Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;

“Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí