Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 12:12

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh; agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.

Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.

Tá an uile lámh lag, an uile ghlúin fann mar uisce.

“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.

An lá sin déarfar le Iarúsailéim: ‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón; ná lagtar do lámha!

Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.

Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí