Eabhraigh 11:7An Bíobla Naofa 1981Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh. Féach an chaibidil |
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.
siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”