Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 11:4

An Bíobla Naofa 1981

Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

“Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.

“Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.

Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, “Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.”

“Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.

Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t‑uisce sa díog.

Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí:

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.

chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.

Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.

Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir.

Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.

Go deimhin, de réir an dlí is beag nach le fuil a ghlantar gach ní agus ní mhaitear peacaí gan doirteadh fola.

óir a raibh á chloisteáil agus á fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach

Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí