Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
“Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”
Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.