Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 11:13

An Bíobla Naofa 1981

Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Agus d'fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.

“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”

Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é.

Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”

Ansin dúirt Iosrael le Iósaef: “Féach, táim ar tí bás a fháil! Ach beidh Dia libhse agus tabharfaidh sé ar ais go tír bhur sinsear sibh.

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.

Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.

Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d'imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.

Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”

Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.

Táim i mo dheoraí ar talamh; ná ceil orm d'aitheanta.

An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.

Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”

Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa.

“Ní rachaidh mé faraibh,” ar sé, “imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.”

Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.

Deirim libh go fírinneach, b'é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”

Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.

Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.”

mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcrích.

Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise?

Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.

Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna.

Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé.

Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais á lorg acu.

Trí chreideamh d'ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus

Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.

Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh.

Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa

Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.

A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.

Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí