Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.
Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.
Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin.
Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith.
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”
Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.
Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliocht agus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní! Choíche go deo ní bheadh d'ainm stoite scriosta os mo chomhair.
Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”
agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhagóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua.
Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.
Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.