Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,
Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t‑adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach.
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.