Ní ar na nithe infheicthe atá ár n‑aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.
Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin - tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?
Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.
conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.
bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).
Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.
Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.