“Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?” a deir an Tiarna. “Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n‑ofráltar iad de réir an dlí.
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.
D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.
Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.