Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 10:22

An Bíobla Naofa 1981

Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.

Féach an chaibidil Cóip

66 Tagairtí Cros  

Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.

de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d'Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

Alleluia. Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí, i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.

Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d'aitheanta.

Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna; coimeádfaidh mé do reachtanna.

Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha, á lorg ó lanchroí.

Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.

Guím thú ó mo chroí go hiomlán: déan trócaire orm de réir mar gheall tú.

Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne; ach comhlíonaimse do phroiceapta.

Molfaidh mé thú le dílseacht chroí ag foghlaim d'fhoraitheanta dom.

Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna, ionas nach bhfaighinn mo náiriú.

Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh.

Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia, ionas go n‑inseoinn d'éachtaí go léir i ndoirse iníon Shíón.

B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.

nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt; agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é.

Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce.

Tabhair dom do chroí, a mhic, agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:

Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,

is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:

Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.

Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.

Ansin nigh mé thú le huisce, nigh mé fós do fhuil uait agus chuir mé ola ort.

Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile.

Agus craitheadh sé seacht n‑uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t‑éan beo.

Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.

Rug Maois Árón agus a chlann mhac os a gcomhair agus nigh iad le huisce.

“Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d'áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.

Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin.

Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc,

D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.

Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.

Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ ”

Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.

Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.

Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.

Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce

A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,

Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.

Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n‑athnuachan ag an Spiorad Naomh.

Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son.

Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích.

Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.

Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.

Is amhlaidh a d'fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,

Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall.

Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.

de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.

An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.

agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí