Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eabhraigh 10:11

An Bíobla Naofa 1981

Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

“Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.

“Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?” a deir an Tiarna. “Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.

Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir.

“Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana?

Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.

Abair leo: Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna: Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.

Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí - cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.

Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.

Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.

sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.

mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.

Dá mbeadh sé ar talamh ní bheadh sé ina shagart ar aon chor mar tá sagairt ann cheana chun na tabhartais a ofráil de réir an dlí,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí