Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” D'oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.
bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.