Eabhraigh 1:11An Bíobla Naofa 1981rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca; Féach an chaibidil |
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.