Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 9:9

An Bíobla Naofa 1981

Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.

D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”

Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”

Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh.

Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d'fhan ann daichead lá agus daichead oíche.

Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.

Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”

D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.

Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.

Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái -

D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom,

Chas mé agus síos liom ón sliabh arís agus bhí an sliabh faoi bharr lasrach agus bhí dhá chlár an chonartha i mo lámha.

Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.

Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí