Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 9:6

An Bíobla Naofa 1981

Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.

Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.

sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.

“Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo!

Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh - óir is ceanndána an pobal sibh - le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.”

agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’

Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna nuair a roinnfidh mé libh ar mhaithe le m'ainm féin, agus ní de réir bhur ndrochimeachtaí ná bhur ndrochnósanna, a mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.

Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh.

“Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.

óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!

Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: ‘Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad!

Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí